De réir mar a thagann coincheapa agus téarmaí nua chun cinn sa saol, tagann focail nua chun cinn sa chaint mar chur síos orthu. Ar nós gach pobal teanga eile, forbraíonn focail, nathanna agus téarmaíocht go nádúrtha i bpobal labhartha na Gaeilge. Uaireanta eile, nuair a thagann téarmaí iasachta isteach sa ghnáthchaint, cumtar focail nua Gaeilge mar chur síos orthu le cur le stór na bhfocal in focloir.ie.
Is samplaí iad Bingewatch, cryptocurrency, influencer agus mansplaining de fhocail nua a tháinig chun cinn sa Bhéarla le blianta beaga anuas. Ach cá as a dtagann na focail Gaeilge ar na coincheapa sin? Agus cén chaoi a gcuirtear le stór na bhfocal Gaeilge iad?
Labhair Eagarthóir Gaeilge an Irish Times, Éanna Ó Caollaí, leis an scríbhneoir Alan Titley agus le Cormac Breathnach, bainisteoir tionscadail foclóireachta le foclóir.ie, faoin gcur chuige.
Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.